Tomás na bPúcaí

R-leabhar
€5
Coiscéim published the play and “Tomás na bPúcaí the book” [Thomas The Fairy-Spirit] was launched on the 12th March 1999, the same day the play was staged.

Tomás na bPúcaí …. Tomás The Fairy-Spirit Achoimre Rinne Maria taighde ar thraidisiún na sióga sa Daingean agus timpeall air le linn a laethanta coláiste in UCG. Lean sí ar aghaidh ansin ag scríobh dráma timpeall na scéalta. Tá Tomás dofheicthe ar an stáitse agus is í Bróigín a bhean. Tá go leor scéalta fite fuaite tríd na comhráite éagsúla. Ghlac Maria páirt i gcúrsa “Scéal Eile” [GFC & FÁS] agus ansin athscríobh sí “Tomás na bPúcaí” [Thomas The Fairy-Spirit] a léadh Amharclann de hÍde in Amharclann na Bewleys um Nollaig. D’eagraigh Údarás na Gaeltachta, An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta agus Comhairle Contae Phort Láirge comórtas náisiúnta agus bhuaigh “Tomás na bPúcaí” ar an iomlán. Bhí Oíche Gala i nDaingean Uí Chúis ar an 12 Márta 1999 áit ar léirigh Aisteoirí Bhréanainn an dráma agus fuair Maria suim £500. Fostaíodh an stiúrthóir – Liam Ó Mathúna – ag Comhlachas chun an dráma a léiriú – mar chuid den duaischiste foriomlán. Bhuaigh an dráma dhá ghradam – an léiritheoir is fearr agus an t-aisteoir is fearr i bhFeothanach agus bhuaigh muid dhá ghradam i gCúil Aodha ar an 19 Márta 1999. Tugadh cuireadh dúinn chuig go leor áiteanna leis an dráma agus bhí an-rath air, buíochas le Dia. Léiríomar an dráma ag Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath ar an 15 Deireadh Fómhair 1999, áit ar fuaireamar bualadh bos mór.

Cláraigh lenár nuachtlitreacha

Téir i dteagmháil linn

+353 86 887 0478
marianimhurchu@gmail.com